Cuairteoirí ar líne faoi láthair - 10 |
Fáilte!Do chéad fáilte chuig láithreán Raidió na Life! Caith súil ar an sceideal, féach ar chur síos na gclár, faigh eolas faoi bhunú an stáisiúin, ceannaigh scair nó éist lenár sruth beo (AR AER). Má tá aon mholadh nó aischothú agat is féidir dul i dteagmháil linn ag eolas@rnl106.com nó ar 01-6616333. Bain sult as!Craoltóirí Nua ag teastáil!Agus Raidió na Life anois ar aer 20 uair in aghaidh an lae, táimid ag lorg craoltóirí nua le teacht ar bord linn chun cláracha nua a dhéanamh ar RNL! Más spéis leat taithí a fháil i gcúrsaí taighde, i gcúrsaí láithreoireachta, i gcúrsaí léiritheoireachta srl., nó má tá smaoineamh agat do chlár nua ar Raidió na Life, téigí i dteagmháil linn láithreach! Bheadh taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta ina bhuntáiste ach níl sé riachtanach. Seol ríomhphost chuig eolas@rnl106.com nó cuir scairt ar 01-6616333.Ceathrar le Ceithre ScórSraith fíor-spéisiúil agus fíor-speisialta a bheidh sa tsraith agallaimh “Ceathrar le Ceithre Scór” a chraolfar ar Raidió na Life 106.4 FM ar feadh ceithre Chéadaoin ag 6 i.n. ag tosú ón 9ú Aibreán. Cloisfear scéal cheathrar a bhí baint thar na bearta acu le giniúint Éire an lae inniu agus iad i mbun comhrá le Brian Ó Tiomáin mar gheall ar a saol agus a gcuimní ar an tír seo san am atá imithe thart. Tuilleadh EolaisRNL ag dul 20 uair in aghaidh an lae:Tá ré nua tagtha ar Raidió na Life 106.4fm. Tá Raidió na Life anois ar aer 20 uair in aghaidh an lae. Is iad na huaireanta nua craolta atá ag an stáisiún ná 08.00-04.00 ón Luan go dtí maidin Dé hAoine agus fanfaidh an stáisún ar aer i rith na hoíche oíche Dé hAoine agus oíche Dé Sathairn (24 uair/lae). Imeoidh an stáisiún ón aer arís ag a 04.00 oíche Dé Domhnaigh/maidin De Luain. Is cláracha agus sraitheanna athchraolta atá ag líonadh na hamanta nua ar dtús, ach beimid ag cur le líon na gclár nua i rith an lae de réir a chéile. Leis an sceideal nua a fheiceáil gliogáil ar “sceideal” thuas ar bharr an leathanaigh seo. Cuimhnígí le bhur raidióanna a chasadh go 106.4fm i rith an lae amach anseo! |
![]() |
||||||||