Menu Content/Inhalt

Tóg Go Bóg É
- Éist Linn -
- Tuilleadh Eolais -
- Ríomhphost -
6:00IN to 7:00IN
Cláraigh lenár liosta ríomhphoist
Cuairteoirí ar líne faoi láthair - 3

Guionn Raidió Na Life Nollaig shona agus Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise ar ar n-Éisteoirí go léir

Caifé Cois Life

Beidh sraith chlár de fhilíocht agus de cheol, á thaifead do Raidió na Life ag tosnú ar an gCéadaoin 19 Samhain. Beidh na cláracha á dhéanamh i láthair lucht éisteachta beo i suíomh caifé. Tá an fhoirmle bunaithe ar mhúnla “An Caifé Gorm” a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath ins na hochtóidí.

Tuilleadh Eolais


Árasán a 7!

Ceathrar mic léinn ina gcónaí le chéile i gcroílár chathair Átha Cliath agus an Ghaeilge á labhairt acu uilig san árasán...
Buailigí isteach chuig Árasán a 7 anseo ar Raidió na Life 106.4fm, óna 6:30 go dtína 7 i.n. gach tráthnóna Aoine ag tosú Dé hAoine beag seo, 17ú Deireadh Fómhair, áit a bheidh saol an scoláire ollscoile i mBaile Átha Cliath á chur os comhair an tsaoil ag Aoife, Clár, Susan agus Fiona, mic léinn Scéim Chónaithe Gaeilge DIT.

Beidh béim faoi leith ar imeachtaí, clubanna, agus nuacht DIT in Árasán a 7, ach chomh maith leis sin beidh a lán rudaí á bplé ar an gclár a bhaineann le saol mhac léinn ollscoile aon áit i mBaile Átha Cliath agus go deimhin aon áit in Éirinn.


Craoltóirí Deonacha ag teastáil!

Agus Raidió na Life ag ceiliúradh 15 bliana ar an bhfód, agus muid anois ar aer 20 uair in aghaidh an lae, táimid ag lorg craoltóirí deonacha nua le teacht ar bord linn chun cláracha nua a dhéanamh ar RNL! Más spéis leat taithí a fháil i gcúrsaí taighde, i gcúrsaí láithreoireachta, i gcúrsaí léiritheoireachta srl., nó má tá smaoineamh agat do chlár nua ar Raidió na Life, téigí i dteagmháil linn láithreach! Bheadh taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta ina bhuntáiste ach níl sé riachtanach. Seol ríomhphost chuig eolas@rnl106.com nó cuir scairt ar 01-6616333.