|
Cuairteoirí ar líne faoi láthair - 5 Visitors on line now - 5
|
Fáilte!
Do chéad fáilte chuig láithreán Raidió na Life! Caith súil ar an sceideal, féach ar chur síos na gclár, faigh eolas faoi bhunú an stáisiúin, ceannaigh scair nó éist lenár sruth beo (AR AER). Má tá aon mholadh nó aischothú agat is féidir dul i dteagmháil linn ag eolas@rnl106.com nó ar 01-6616333. Bain sult as!
Craoltóirí Nua ag teastáil!
Agus Raidió na Life anois ar aer 20 uair in aghaidh an lae, táimid ag lorg craoltóirí nua le teacht ar bord linn chun cláracha nua a dhéanamh ar RNL! Más spéis leat taithí a fháil i gcúrsaí taighde, i gcúrsaí láithreoireachta, i gcúrsaí léiritheoireachta srl., nó má tá smaoineamh agat do chlár nua ar Raidió na Life, téigí i dteagmháil linn láithreach! Bheadh taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta ina bhuntáiste ach níl sé riachtanach. Seol ríomhphost chuig eolas@rnl106.com nó cuir scairt ar 01-6616333.
Ceathrar le Ceithre Scór
Sraith fíor-spéisiúil agus fíor-speisialta a bheidh sa tsraith agallaimh “Ceathrar le Ceithre Scór” a chraolfar ar Raidió na Life 106.4 FM ar feadh ceithre Chéadaoin ag 6 i.n. ag tosú ón 9ú Aibreán. Cloisfear scéal cheathrar a bhí baint thar na bearta acu le giniúint Éire an lae inniu agus iad i mbun comhrá le Brian Ó Tiomáin mar gheall ar a saol agus a gcuimní ar an tír seo san am atá imithe thart. Tuilleadh Eolais
RNL ag dul 20 uair in aghaidh an lae:
Tá ré nua tagtha ar Raidió na Life 106.4fm. Tá Raidió na Life anois ar aer 20 uair in aghaidh an lae. Is iad na huaireanta nua craolta atá ag an stáisiún ná 08.00-04.00 ón Luan go dtí maidin Dé hAoine agus fanfaidh an stáisún ar aer i rith na hoíche oíche Dé hAoine agus oíche Dé Sathairn (24 uair/lae). Imeoidh an stáisiún ón aer arís ag a 04.00 oíche Dé Domhnaigh/maidin De Luain. Is cláracha agus sraitheanna athchraolta atá ag líonadh na hamanta nua ar dtús, ach beimid ag cur le líon na gclár nua i rith an lae de réir a chéile. Leis an sceideal nua a fheiceáil gliogáil ar “sceideal” thuas ar bharr an leathanaigh seo. Cuimhnígí le bhur raidióanna a chasadh go 106.4fm i rith an lae amach anseo!
Welcome!
Welcome to the Raidió na Life website! Browse through our schedule, check out our wide range of programmes, find out about the station's history, buy a share or listen to our live webstream. If you have any suggestions or feedback, you can contact us at eolas@rnl106.com or on 01-6616333. Enjoy!
Craoltóirí Nua ag teastáil!
With Raidió na Life now on air 20 hours daily, we are seeking new volunteers to come on board with us to make new programmes for RNL! If you are interested in gaining experience in researching, presenting, production etc., or if you have an idea for a new programme on Raidió na Life, we want to hear from you straight away! Some experience in broadcasting or in journalism is an advantage but is not essential. A solid level of Irish is a must. Email eolas@rnl106.com or call us on 01-6616333 for more information.
Ceathrar le Ceithre Scór
Ceathrar le Ceithre Scór” is an exciting new 4-part series of interviews which will be broadcast on Raidió na Life 106.4 FM every Wednesday at 6pm for 4 weeks, starting 9th April. In this series of interviews we will hear the stories of four people who were closely involved with the creation of the Ireland of today, as they reflect on their lives and their memories of the Ireland of years gone by with Brian Ó Tiomáin. More Info
RNL goes 20 hours daily:
A new era has begun on Raidió na Life 106.4fm. Raidió na Life is now on air for 20 hours a day. Our new broadcast hours are 08.00-04.00 Monday through Friday morning and the station will remain on air throughout Friday and Saturday (24hours). The station will go off air once more at 04.00 Sunday nights/Monday mornings. To begin with we will mostly be broadcasting repeat programming in our new time slots, but we shall steadily add to our live daily output on a gradual basis. To view the new schedule, simply click on “schedule” at the top of this page. Remember to tune into 106.4fm throughout the day from now on!
|
-
Rún faoi 'theanga eachtranach' buailte
Theip ar an rún is deanaí in éadan na Gaeilge ó na páirtithe Aontachtacha i dTionól Stormont, inné.Chuir an Tiarna...
-
Seoladh Bharr 50 Gnó le Gaeilge
D'fhógair Lá Nua agus Foras na Gaeilge a gcomhpháirtíocht leis an gcomhlacht comhairliúcháin, Accenture, le haghaidh 'Gradaim Bharr-Chaoga do Ghnó...
-
Cruinniú Comhairliúcháin Phoiblí i nGaillimh
Bhí cruinniú poiblí san Ardilaun House Hotel, Gaillimh ag 7.30 i.n., aréir, 13 Bealtaine chun deis a thabhairt don phobal...
-
Ó ghrá go tírghrá
Léirmheas ar 'Drámaí Thús na hAthbheochana'
Drámaí Thús na hAthbheochanaLe Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Nollaig Mac CongáilArlen House, 416 lch.E20, ISBN...
|
|